Fáilte go dtí an Tionscnamh – Welcome to the Project

Le Múinteoir Cian

Dia daoibh a phobail scoile uile agus go raibh míle maith agaibh as ucht suim a léiriú sa bhlag seo agus inár dtionscnamh Erasmus+. Is mise Múinteoir Cian agus táim chun labhairt ar son foireann Erasmus+ maidir leis an gclár idirnáisiúnta a bheidh ar bun againn i mbliana.

Ar dtús, táim cinnte go bhfuil go leor ar an suíomh seo nach bhfuil a fhios agaibh céard is Erasmus+ ann. Is éard is Erasmus+ ná clár maoinithe ag an Aontas Eorpach do scoileanna ag an meánleibhéal. Ceithre bhliain ó shin, chuir múinteoir Bláithín agus Múinteoir Carly isteach ar an gclár speisialta seo agus is i mbliana, tar éis an-chuid pleanáil agus obair pháipéir, a fuair an scoil an solas glas le dul ar aghaidh leis an dtionscnamh. I mbliana, in éineacht liomsa, tá Múinteoir Sarah agus Múinteoir Andrea ag obair mar chomhordaitheoirí ar an dtionscnamh agus an fhoghlaim á stiúradh ag an triúr againn.

Chun tionscnamh Erasmus+ a chur i gcrích, iarrtar ar mhúinteoirí agus daltaí staidéar féin-stiúrtha a dhéanamh. Suíonn sé seo isteach go hiontach le misin na hidirbhliana. Seachas a bheith ag éisteacht le múinteoir amháin agus curaclam seanbhunaithe á mhúineadh acu, bíonn déagóirí ag obair as a stuama féin maidir le topaicí a roghnaítear i rith na bliana.

Idir an dá linn, déanann scoil Eorpach i dtír eile staidéar ar na topaicí céanna. Úsáidtear cás-staidéir áitiúla agus déantar comparáid eatarthu, ionas go bhfuil plé ar siúl idir an dá scoil agus an dá cheantar.

Nascadh ár scoil le Ribadavia na Spáinne, i réigiún Galicia, san iarthuaisceart. Tá an-chuid cosúlachtaí idir ár mbailte. Go háirithe maidir lenár stair mheánaoiseach choitianta. Mar sin féin, tá difríochtaí ann agus is anseo gur féidir linn foghlaim óna chéile. Chosain Ribadavia an lárcheantar stairiúil atá acu, a mheallann turasóirí go leanúnach i rith na bliana. Sin rud nach bhfuil againn i mBaile Brigín. Ach, a chairde, féachaigí ar chúrsaí eacnamaíocha an bhaile seo, atá ag dul ó neart go neart.

Fógraíodh i Mí na Samhna 2018 go raibh rialtas na hÉireann chun €20 milliún a thabhairt go Baile Brigín chun an cuan a fhorbairt agus a chur chun cinn mar shuíomh turasóireachta i mBaile Átha Cliath. Is í Baile Brigín an baile in Eoraip leis an daonra is óige. Cé acu ab fhearr chun an taighde agus an fhorbairt don turasóireacht a chur i gcrích ná ár ndéagóirí féin. Chuirfimis i dteagmháil iad le seanbhaile eile san Eoraip a d’fhoghlaim ceachtanna maidir le hinfheistiú agus turasóireacht, agus a bheadh in ann na ceachtanna sin a chur ar aghaidh chucu.

Tá nascadh bailte mar chuid lárnach den tionscnamh seo. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo Baile Brigín agus Ribadavia a cheangal le chéile mar ghaol amach anseo. Leis seo, cuirfear tús le tionscnaimh agus foghlaim fadsaolach, ní hamháin dár ndaltaí agus dár scoil, ach don phobal iomlán.

Déanfar comparáid idir an dá bhaile go fadtéarmach agus foghlaimeoidh ár mbaile conas go mbeidh muid in ann buanna Ribadavia a úsáid chun ár saol anseo i mBaile Brigín a fheabhsú. Tionscnamh ár scoile ná an chéad chéim chun an ré nua seo a chur ar an bhfód.

Agus Erasmus+ ar bun againn sa scoil, agus ár ndaltaí i mbun taighde agus foghlaim neámhspleách agus obair pháirce allamuigh, forbróidh siad scileanna nach bhfuil ar fáil díreach sa seomra ranga.

I saol gairme an lae inniu, céard atá níos tábhachtaí ná scileanna cumarsáide a bheith go binn ag daltaí. Ní hamháin go mbeidh ár ndaltaí ag foghlaim le chéile go neámhspleách, ach beidh siad ag teacht ar ais chuig na co-ordaitheoirí leis na torthaí, ag fáil aiseolais, agus ag dul ar ais chun an obair atá déanta acu a fheabhsú. Ansin, rachaidh siad chomh fada lena leithéidí sa Spáinn chun na torthaí a thaispeáint agus beidh siad in ann a bheith muiníneach faoin méid atá le rá acu.

Beidh Gaeilge, Béarla, Spáinnis agus Gailísis ar bun acu. Imithe uainn atá na laethanta nuair atá muid in ann cumarsáid a dhéanamh trí theanga amháin go díreach. Tá teangacha agus scileanna aistriúcháin mar bhunscil i saol na hoibre sa lá atá inniu ann. Nuair a fheiceann fostóirí Erasmus Plus ar CV ár ndaltaí as seo amach, tuigfidh siad ar an bpointe na buntáistí a bhain leis an tionscnamh agus na scileanna atá pioctha suas ag na daltaí.

I rith an tionscnamh, roghnófar daltaí a sheasann amach sa tionscnamh seo chun dul chuig Ribadavia agus saol an bhaile a bhlaiseadh mar thoradh ar an obair chrua. Beidh na costais dó seo clúdaithe beagnach go hiomlán ag an Aontas Eorpach. Taispeánann sé seo an tairbhe dár ndaltaí an tábhacht a bhaineann leis an Aontas Eorpach, conas mar a oibríonn sé inár bhfábhar, agus conas go bhfuil sé tábhachtach dúinn ár ngaol lenar comharsana Eorpacha a choinneáil.  n Bua amháin atá ag Ribadavia ná go bhfuil stair fhada acu a chéiliúrann siad go rialta. Seo anois físeán turasóireachta don bhaile a thaispeánann an seanbhaile álainn.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s